1. Réamhrá


1.1 Rialaíonn na téarmaí agus coinníollacha seo (“na Téarmaí”) an úsáid a bhaineann Tú as an seirbhís íocaíochta (“an tSeirbhís”) a sholáthraíonn An Post a cheadaíonn Duit íocaíochta a dhéanamh ar líne i leith Fógra Muirear Seasta eisithe ag An Garda Síochána. Cuirtear an tSeirbhís ar fáil ag gardapayments.anpost.ie

Léigh na téarmaí agus coinníollacha seo go cúramach le do thoil mar míníonn siad Do chearta agus Do chuid freagrachtaí Dúinn chomh maith leis na cearta a bhaineann Linne agus ár gcuid freagrachtaí Duitse. Admhaíonn Tú agus aontaíonn Tú go bhfeidhmeoidh An Post ar an mbonn go n-aontaíonn Tú leis na Téarmaí má úsáideann Tú an tSeirbhís.


2. Sainmhínithe


Mínítear anseo cad is ciall do na nathanna seo a leanas nuair a úsáidtear iad sna Téarmaí seo:

Ciallaíonn “AGS” An Garda Síochána.

Ciallaíonn “Fógra Muirear Seasta” fógra eisithe ag AGS le haghaidh Alt 103(6) den Acht Um Thrácht Ar Bhóithre, 1961 agus a cuireadh Alt 11 den Acht Um Thrácht Ar Bhóithre, 2002 agus Alt 36(1) den Acht Um Thrácht Ar Bhóithre, 2010 ina ionad.

Ciallaíonn “Fogra” an Fógra Muirear Seasta Neamhdhearbhaithe eisithe Duit ag AGS.

Ciallaíonn “Fógra Muirear Seasta Neamhdhearbhaithe” Fógra Muirear Seasta le haghaidh ciona nach dtuilleann pointí pionóis.

Ciallaíonn “Cearta Maoine Intleachtúla” gach cóipchearta, cóipcheart sa todhchaí, cearta ar bhunachar sonraí, aireagáin, paitinní, ábhar inphaitinnithe, dearaí, rúin cheirde, eolas rúnda, fios gnó, trádmharcanna, marcanna seirbhíse, nó cearta maoine tionsclaíocha nó intleachtúla eile, agus aon iarratais dá leithéid thuas (cuma iad a bheith cláraithe nó gan a bheith cláraithe nó a bheith inchláraithe nó gan a bheith inchláraithe).

Ciallaíonn “Suíomh” an suíomh gréasáin

Ciallaíonn “Sinn”, “Muid”, “Linn”, “Linne”, “Orainne”, “Dúinn” srl. An Post a bhfuil a oifig chláraithe ag Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath 1.

Ciallaíonn “Suíomh Gréasáin” an suíomh gréasáin atá ag an URL suímh ag tosnú le gardapayments.anpost.ie

Ciallaíonn “Tú”, “Tusa”, “Duit” “Ortsa” srl. Tusa, an duine a úsáideann an tSeirbhís.


3. Rochtain ar an Seirbhís


3.1 Tá d’úsáid den tSeirbhís faoi choinníoll agus faoi réir ag do ghéilliúntas do na forálacha a bhaineann leis na Téarmaí agus an Ráiteas Príobháideachais Suíomh Gréasáin agus an Polasaí Fianán atá le fáil ag www.anpost.com/Privacy agus Téarmaí Úsáide an Láithreáin Gréasáin atá le fáil ag www.anpost.com/Terms-of-Use.


3.2 Bainfidh tú úsáid i gcónaí as an Suíomh faoi réir na dtreoracha agus faoi mar atá dírithe ar an Suíomh ó am go chéile.


3.3 Admhaíonn tú go gcuireann an tSeirbhís seo ar do chumas íocaíocht ar líne a dhéanamh do AGS de mhéid atá sainithe ar Fhógra atá eisithe duit ag AGS (Méid de Mhuirear Seasta) agus é sin amháin. Admhaíonn tú freisin go bhfuil gach ábhar eile a bhaineann leis an bhFógra lasmuigh de scóip na dTéarmaí seo agus gur idir Tú féin agus AGS é sin.


3.4 Admhaíonn tú go seirbheálann AGS an Fógra ort faoi réir ag an reachtaíocht chuí agus nach bhfuil aon fhreagracht orainne duit i dtaca leis seo. Tá an fhreagracht ortsa tú féin a dhéanamh eolach ar an bhFógra agus ar na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann leis agus cloí leo. Is ceart duit dul i dteagmháil leis AGS má tá aon cheisteanna agat faoin bhFógra mar ní féidir linne an t-eolas sin a sholáthar.


4. Naisc ónár Suíomh Gréasáin


4.1 Nuair a thugtar naisc ar ár Suíomh Gréasáin go dtí suíomhanna gréasáin agus acmhainní eile a sholáthraíonn tríú páirtithe ní thugtar na naisc seo ach mar eolas duit. Má úsáideann Tú naisc mar seo imíonn Tú ón suíomh gréasáin seo. Níl aon smacht againn ar ábhair na suíomhanna gréasáin nó na hacmhainní sin agus ní ghlacann Muid aon fhreagracht dóibh nó d’aon dliteanas, d’aon chaillteanas nó d’aon damáiste a eascraíonn as an úsáid a bhaineann Tú astu.


5. Íocaíochtaí tríd an Seirbhís


5.1 Chun íocaíocht a dhéanamh leis an Seirbhís is gá duit úsáid a bhaint as cárta dochair nó cárta creidmheasa bailí agus an íocaíocht a dhéanamh faoi réir na dtreoracha ar an Suíomh.


5.2 Nuair a dhéanann tú íocaíocht aistreofar thú go seirbhísí tríú páirtí próiseálaí íocaíochtaí (Worldpay) chun d’íocaíocht a phróiseáil. Trí íocaíocht a dhéanamh toileann tú leis seo go ndéanfaidh Worldpay próiseáil ar do chuid sonraí íocaíochta agus ar do chuid sonraí pearsanta gaolmhara chun an íocaíocht seo a éascú agus chuige sin amháin.Ní chuirfimid d’íocaíocht ar aghaidh go dtí AGS go dtí go ndéantar próiseáil rathúil ar d’íocaíocht. Má tá tú tar éis Do sheoladh ríomhphoist a sholáthar Dúinn cuirfimid in iúl Duit tríd an ríomhphost nuair atá próiseáil déanta ar d’íocaíocht. Déanfaimid iarracht d’íocaíocht a chur ar aghaidh go dtí AGS go pras nuair atá próiseáil rathúil déanta ar d’íocaíocht.


5.3 Gach suim a íocann tú de bhun Fhógra tríd an Seirbhís, íoctar sin do An Post. Cuirfimidne an íocaíocht ansin chuig AGS. Is Tusa amháin atá freagrach as a chinntiú go bhfuil an Méid Muirear Seasta ceart i leith an Fhógra á íoc agat. Ní dhéanfaimidne ach an méid a íocann tú a tharchur go dtí AGS. Níl aon cheangail orainne a fhíorú go bhfuil an Méid Muirear Seasta ceart i leith an Fhógra íoctha agat. Baineann diúltú íocaíochta ag an AGS nó ró-íocaíocht do AGS leis an AGS agus Leatsa amháin agus tá sin lasmuigh de scóip na dTéarmaí seo.


5.4 Má thagann tú i dteagmháil linn faoi ábhar a bhaineann le híocaíocht, déanfaimid gach iarracht réasúnta chun cabhrú leis sin a réiteach. Mar shampla, má bhíonn fadhbh ann ag próiseáil d’íocaíocht ag baint úsáide as do chárta dochair nó as do chárta creidmheasa, déanfaimid iarracht a fháil amach cén fath. Ach is tusa atá freagrach as gach íocaíocht is gá a íoc agus as gach ábhar a bhaineann leis an bhFógra a réiteach leis AGS. Ní féidir linne páirt a ghlacadh in aon díospóidí a thagann idir tusa agus AGS maidir le Fógra atá próiseáilte tríd an Seirbhís agus atá tarchurtha go dtí AGS, nó in aon ábhar eile a bhaineann leis an bhFógra atá ag éirí as sin idir tusa agus AGS.


5.5 Nuair a dhéanann tú íocaíocht tríd an Seirbhís, tugann tú barántas agus glacann tú mar chúram na nithe seo a leanas:


a. Is leatsa an cárta creidmheasa nó an cárta dochair, nó tá tú i dteideal dlíthiúil é a úsáid chun na híocaíochtaí a dhéanamh leis an Méid Muirear Seasta a íoc.

b. Tá dóthain cistí ar an gcárta creidmheasa nó ar an gcárta dochair atá in úsáid chun an Meid Muirear Seasta a íoc, chun freastal ar an méid atá leagtha amach ar an bhFógra agus.

c. c. Géilleann tú leis seo sinn a shlánú agus sinn a choinneáil slánaithe ar éileamh, ó agus in aghaidh aon agus gach uile chaillteanas, mhaíomh, éileamh, chostas, fhíneáil, mhuirir, speansais, dliteanais, damáiste, imeacht, agus chaingean a iompraímid, a thabhaímid nó a thógtar nó a bhunaítear inár gcoinne ag aon duine, a éiríonn as nó ar aon bhealach a bhaineann le, nó a éiríonn as d’úsáid neamhdhleathach d’aon chárta creidmheasa nó d’aon chárta dochair nó de bharr calaoise nó ag éirí as ar aon bhealach eile aon Mhéid Muirear Seasta nach n-íoctar.


5.6 I gcás go ndiúltaíonn AGS d’íocaíocht faoi Fhógra, is ar AGS a bheidh an fhreagracht aon aisíoc atá dlite duit a eagrú faoi réir a chuid nósanna imeachta aisíoca fhéin. Is ábhar é seo a bhaineann leatsa agus leis AGS amháin agus níl aon cheangail orainne aon aisíoc a sholáthar duit ar son AGS nó eile.


5.7 Admhaíonn Tú an uair a dhéanaimid íocaíocht do AGS nach bhfuil aon dliteanas eile Orainn Duit as sin amach.


5.8 Admhaíonn Tú gur Ortsa atá an fhreagracht admháil ar íocaíochtaí a dhéantar ag baint úsáide as an Seirbhís seo a phriontáil agus a choinneáil.


6. Teorainn ar Ár nDliteanas


6.1 Aontaíonn tú go bhfuil D’úsáid den tSeirbhís seo ar do phriacal féin agus nach bhfuil Muid faoi dhliteanas Duit le haghaidh aon chaillteanas nó le haghaidh aon damáiste (seachas sin nach féidir a chur as an áireamh ar chúiseanna dlí) a fhulaingíonn Tú b’fhéidir de bharr na nithe seo a leanas:


(a) nach bhfuil an tSeirbhís ar fáil ar chúis éigin;

(b) aon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann le Do sholáthróir seirbhíse idirlín (ISP);

(c) aon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann le Do sholáthróir cárta creidmheasa nó cárta dochair nó AGS nó iad araon;

(d) Do theip cúram réasúnach a dhéanamh;

(e) Do theip ceanglais shlándála sna Téarmaí seo nó atá curtha in iúl Againn Duit ar aon bhealach eile a leanúint;


6.2 Ní bheimid faoi dhliteanas le haghaidh aon earráidí nó aon mhoill in íocaíocht a dhéanamh do AGS más de bharr aon ní nach bhfuil faoinár smacht a tharlaíonn sin, mar shampla, gníomhaíocht thionsclaíoch; tine; tuile; pléasc; gníomh rialtais; foiche Dé; nó teip dhíreach nó indíreach, d’aon soláthar cumhachta, d’aon mheaisín, d’aon chóras próiseála sonraí, d’aon nasc tarchurtha sonraí, nó d’aon nasc teileafóin nó de dheasca an tSeirbhís gan a bheith ar fáil.


6.3 Beidh teorainn ar aon dliteanas atá Orainn Duit, is cuma cad as a d’éirigh sin, don mhéid iníoctha atá luaite ar an bhFógra ábhartha. Ní bheidh Muid faoi dhliteanas Duit ar chúinsí ar bith d’aon chaillteanas nó d’aon damáiste (seachas sin nach féidir a chur as an áireamh ar chúiseanna dlí) nach bhfuil díreach, nó atá lasmuigh d’Ár smacht réasúnta féin, nó nach bhféadfaimis a thuar go réasúnta. Cuirtear gach barántas intuigthe as an áireamh chomh fada agus is féidir faoin dlí.


7. Cearta Maoine Intleachtúla


7.1 Is Marcanna cláraithe nó neamhchláraithe iad de chuid An Post agus de chuid ár gceadúnóirí na trádmharcanna, lógónna, agus marcanna seirbhíse (le chéile na “Marcanna”) atá ar taispeáint ar an Suíomh. Forchoimeádtar gach ceart ar na Marcanna. Ní thugann na Téarmaí seo aon chead úsáid a bhaint as aon cheann de na Marcanna gan ár dtoil roimh ré nó gan toil Ár gceadúnóirí agus níor cheart aon tátal mar sin a bhaint as aon rud atá sna Téarmaí seo.


8. Príobháideachas, Slándáil agus Cosaint Sonraí


8.1 Déanaimid próiseáil ar do chuid sonraí pearsanta faoi réir ag ár Ráiteas Príobháideachais atá ar fáil anseo. Nuair a aontaíonn tú leis an Téarmaí seo toilíonn tú do phróiseáil dá leithéid agus tugann tú barántas go bhfuil na sonraí ar fad a thugann tú cruinn.


9. Leasuithe do na téarmaí agus coinníollacha seo


9.1 Tá an t-ábhar atá ar an Suíomh Gréasáin, na téarmaí agus coinníollacha seo san áireamh, faoi réir a athraithe Againn agus déanfaimid sin a fhógairt ar an Suíomh.


10. Ginearálta


10.1 Tá gach ceann de na téarmaí seo neamhspléach ar gach téarma eile, mar sin má fhaightear téarma áirithe neambhailí nó neamhfhorfheidhmithe ní bheidh tionchar aige sin ar bhailíocht aon téarma eile.


10.2 Mura bhforfheidhmíonn Muid aon cheann de na cearta atá Againn faoi na téarmaí seo, nó má mhoillíonn Muid ar iad a fhorfheidhmiú, ní chuireann sin aon bhac Orainn aon chaingean a dhéanamh chun Ár gcearta a fhorfheidhmiú sa todhchaí.


10.3 Baintear úsáid as na cinnteidil sna téarmaí seo chun tagairt dóibh a éascú agus ar mhaithe leis sin amháin agus ní imreoidh sé sin ar an gciall atá ag na Téarmaí.


11. Cáipéisí a Ionchorpraítear trí Thagairt a dhéanamh dóibh


11.1 Ionchorpraíonn na Téarmaí seo, trí thagairt a dhéanamh dóibh, aon fhógra ar an Suíomh, an Ráiteas Príobháideachais, an Polasaí Fianán agus Téarmaí Úsáide an tSuímh Ghréasáin.


11.2 Cuimsíonn na cáipéisí a bhfuil tagairt déanta dóibh i gclásal 11.1 thuas an comhaontú iomlán eadrainn maidir le Do rochtain ar an Seirbhís agus an úsáid a bhaineann Tú aisti.


12. Dlí agus Dlínse Rialaithe


12.1 Tá an Suíomh Gréasáin seo bunaithe in Éirinn faoi réir dhlíthe na hÉireann agus beidh sé faoi rialú ag dlíthe na hÉireann. Nuair a úsáideann Tú an Suíomh Gréasáin seo glacann tú go mbeidh D’úsáid den Suíomh Gréasáin agus aon eolas ar an Suíomh Gréasáin faoi rialú dhlíthe na hÉireann freisin, agus i gcás go n-eascraíonn aon éileamh nó aon díospóid as D’úsáíd den Suíomh Gréasáin nó as aon eolas air, aontaíonn Tú go mbeidh dlínse neamheisiach ag Cúirteanna na hÉireann ar gach éileamh agus ar gach díospóid dá leithéid.




©2023 - Íocaíochtaí Fógra Muirear Seasta don Gharda Síochána - An Post